Teacht le chéile: 6:30 pm ag an Siopa Spar ag Faiche Dhumhach Thrá (Sandymount Green).
An tSiúlóid: An trá, Port na Sliogán (Shellybanks), seanstáisiún cumhachta an BSL, Balla an Bhulla Theas go dtí an teach solais agus ar ais.
Siúlóid éasca 8km atá i gceist, a mhairfidh ~2 uair an chloig.
Treoraí: Máire
Beidh fáilte roimh chách.
Beidh deoch againn i dteach tábhairne m.sh. O'Reilly's i nDumhach Thrá i ndiaidh na siúlóide.