Siúil Linn an Samhradh seo!
Beimid ag siúl ar chuid de Ghleann Bhríde agus Dúiche (Samuel) Beckett.
Teacht le chéile: 7:00 i.n. ag staisíun Luas Ghleann Bhríde (Bride’s Glen) ar an líne ghlas. (Tosóimid ag siúl ag 7.10 i.n.)
Nó sa Chathair: 6:00 i.n. ag stáisiún Luas Shráid Dásain
Beidh tram gach 5-8 mbomaite go Gleann Bhríde agus is turas 45 bhomaite é ó Shráid Dásain go Gleann Bhríde.
Siúlóid: Bhí an ceantar sin i Ríocht Chualann fadó agus spreag sé an scríbhneoir Samuel Beckett. Is fiú lorg Naomh Bríd agus Samuel Beckett a leanúint ann.
Mairfidh an tsiúlóid thart ar 1.5 uair an chloig (níl aon dreapadh i gceist).
Treoraí: Fionn
Téigh i dteagmhail linn má tá tuilleadh eolais ag teastáil, nó chun socrú a dhéanamh.
Ag deireadh, fillfimid don chathair ó Stáisiún Luas Bhaile an Locháin agus beidh deoch againn ar ár slí – i Raghnallach nó i Lár na Cathrach.