Teacht le chéile: 6:30 i.n. - Stad Luas ar an líne ghlas ag DIT - Chloch Leathan (Broadstone).
An tSiúlóid:
An Chloch Leathan - Óstaí an Rí - Sráid Henrietta - Taiscumar Shráid Bhaile Coimín (Blessington Street Basin) - Páirc Chearnóg Iarnród an Iarthair (Great Western Square)- Gráinseach Ghormáin - Cuarbhóthar Thuaidh - Gairdíní Bláthanna an Phobail i bPáirc an Fhionnuisce - Cnoc an Earbhair - Bóthar na gCloch (Stoneybatter).
Stopfaimid cúpla uair chun eolas eolas staire etc. a roinnt.
Fad: 7km, le cúpla stad, a mhairfidh +/- 2 uair a'chloig.
Taisteal: LUAS – Líne Ghlas go DIT. Bí cinnte go bhfaighidh tú an ceann go ceann scríbe Droichead Broome (Broombridge).
Bus - 4, 9, 83, 83a, 140, 155 ó lár na cathrach go stad 195 - An Chloch Leathan.
Treoraí: Ciarán
Tar éis na siúlóide beidh deoch againn i dTeach Uí hEidhin (Hynes) ar Shráid na Prúise áit a mbeidh PopUp ar siúl i dteannta Fhleadh Laighean ar Champas Ghráinseach Ghormáin.
Beidh Fáilte roimh chách.