Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Samhraidh, Déardaoin, 12 Lúnasa 2021

29/7/2021

 
Picture
Siúil Linn an Samhradh seo.
 
Diméin Leamhcáin agus Páirc San Caitríona in Iarthar Chontae Bhaile Átha Cliath
 
Teacht le chéile: 6:30 i.n. sa charrchlós trasna an bhóthair ó Maxol/MacDonald’s, 500m ó shráidbhaile Leamhcáin agus tú ag dul i dtreo Léim an Bhradáin.
 
Siúlóid: Siúlfaimid timpeall Pháirc San Caitríona agus Diméin Leamhcáin.
Mairfidh an tsiúlóid 2 uair an chloig.
 
Busanna ón gcathair (Cearnóg Mhuirfean trí Shráid Westmoreland): - 25, 66, 66A, 66B agus 67 go dtí stad 3887, (an stad díreach tar éis Ball Alley House) nó stad 3888.
Ag tiomáint ón gcathair: Tóg an N4 go dtí bealach amach 3 agus ansin cas ar dheis trí shráidbhaile Leamhcáin i dtreo Léim an Bhradáin, nó ag bealach amach 4A, cas ar chlé agus ansin ar dheis agus ar dheis arís ag an timpeallán.
 
Treoraí: Deaglán
 
Seo NASC ar Google Maps go dtí tús na siúlóide ag N53.3556, W6.4610
 
Beidh Fáilte roimh chách.
Tabhair deoch agus rud beag le n-ithe leat agus beidh picnic bheag againn ar an mbealach!
Beidh deoch againn sa teach tábhairne The Ball Alley i Leamhcán tar éis na siúlóide.

 
Nóta: Ní mór dúinn cloí leis na treoirlínte chun fanacht sábháilte.


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly