Siúlóid ar bhruach na Dothra ón Life go Ráth Fearnáin
Teacht le chéile: 6:30 ag Cearnóg na Canálach Móire - Grand Canal Square (os comhair Amharclann Bhord Gáis Energy)
Siúlóid: Siúlfaimid ar chosáin agus ar bhóithre beaga ó bhéal na Dothra ag Duga na Canálach Móire go dtí tús an Bhóthair Mhíleata.
Mairfidh an tsiúlóid 2 uair a chloig.
Is féidir filleadh ar an gcathair ar bhus ó Ráth Fearnáin.
Treoraí: Seán
Beidh fáilte roimh chách.
Faraor ní bheidh deoch againn tar éis na siúlóide. Ach tabhair deoch agus rud beag le n-ithe leat agus beidh picnic bheag againn!
Nóta: Ní mór dúinn cloí le treoirlínte COVID-19 chun fanacht sábháilte