Siúil Linn an Samhradh Seo!!
Domhnach Bat go Mullach Íde
Teacht le chéile: 6:45 pm stáisiún traenach Dhomhnach Bat.
Fágann traenacha Stáisiún Uí Chonghaile ag 17:35, 18:02, 18:23 agus 18:40 a shroicheann Domhnach Bat ag 17:59, 18:31, 18:47 agus 18:56 faoi seach. Ní stopann gach traein ag gach stáisiún ar an mbealach.
An tSiúlóid: Diméin an Droichid Nua, timpeall Inbhear an Mhóinéir Leathain (Broadmeadow Estuary) go Mullach Íde. Beimid ag siúl ar an trá agus ar chosáin agus tá seans go mbeidh sé fliuch in áiteanna.
Mairfidh an tsiúlóid timpeall 2 uair a chloig.
Críoch: Beidh deoch againn i dteach tábhairne i Mullach Íde.
Is féidir filleadh ar an gcathair ar an traein ó Mhullach Íde, nó traein a thógáil ar ais go Domhnach Bat ag 21:10, 21:55 nó 22:55. Má tá sé ar intinn agat teacht linn, tóg greim beag bia leat le hithe ar an trá - nó le tabhairt do na healaí ag Inbhear an Mhóinéir Leathain!
Treoraí: Seán
Ná bíodh leisce ort dul i dteagmháil linn má bhíonn eolas ar bith eile ag teastáil faoin tsiúlóid!