Beimid ag siúl i nDiméin Leamhcáin agus i bPáirc San Caitríona.
Am: 6:30 i.n.
Teacht le chéile: An carrchlós trasna an bhóthair ó Maxol/MacDonald’s, 500m ó shráidbhaile Leamhcáin agus tú ag dul i dtreo Léim an Bhradáin.
Siúlóid: Siúlfaimid timpeall Pháirc San Caitríona agus Diméin Leamhcáin.
Mairfidh an tsiúlóid 2 uair an chloig.
Críoch: Tógfaimid deoch sa Ball Alley House.
Treoraí: Déaglán
Busanna ón gcathair (Cearnóg Mhuirfean trí Shráid Westmoreland) - 66, 66A, 66B agus 67 go dtí stad 3887, (an stad díreach tar éis Ball Alley House) nó stad 3888. Ná tóg an 25 - bíonn an trácht go dona sa sráidbhaile.
Ag tiomáint ón gcathair, tóg an N4 go dtí bealach amach 3 agus ansin cas ar dheis trí shráidbhaile Leamhcáin i dtreo Léim an Bhradáin, nó ag bealach amach 4A, cas ar chlé agus ansin ar dheis agus ar dheis arís ag an timpeallán.
Seo NASC ar Google Maps go dtí tús na siúlóide ag N53.3556, W6.4610
Beidh fáilte roimh chách