Siúlóid cois trá agus PopUp Gaeltacht Chois Bá (Bayside)
Bealach na Siúlóide: Ar an trá agus ar an gcósta ó Bhinn Éadair (Howth) go Cill Fhionntain (Sutton) agus Cois Bá (Bayside). PopUp Gaeltacht Chois Ba.
Teacht le Chéile: 6:45 pm ag Stáisiún traenach Bhinn Éadair
Fad: Mairfidh an tsiúlóid timpeall 2 uair an chloig.
Tar éis na siúlóide: Stopfaimid ag an PopUp Gaeltacht mhíosúil sa Bayside Inn, atá an-chóngarach do stáisiún DART Chois Bá.
Treoraí: Seán Ó Fearghail
Uimhir Theagmhála: 087 221 7800
Seol téacs chuige má tá tuilleadh eolais ag teastáil, nó chun socrú a dhéanamh.
Taisteal go Binn Éadair: Dart: Stáisiún Uí Chonghaile ag 17:25, 17:45, 18:03 agus 18:23, a bhíonn i mBinn Éadair ag 17:53, 18:11, 18:29 agus 18:49 faoi seach. Bus: 31 ó Shráid Talbóid.
Beidh fáilte roimh chách.