Cósta Thuaidh Chontae Bhaile Átha Cliath
Teacht le chéile: 6:45 pm ag stáisiún traenach Mhullach Íde
An tSiúlóid: Mullach Íde - Port Mearnóg - An Trá Mhín agus ar ais go Mullach Íde
Mairfidh an tsiúlóid 2 – 2.5 huaire an chloig.
Taisteal: Tá traenacha ó Stáisiún Uí Chonghaile ag 17:34, 17:39, 17:53 agus 18.07
a shroicheann Mullach Íde ag 18:03, 17:57, 18:19 agus 18.29 faoi seach. (Ardán 6 nó 7).
Bí cinnte go ngabha tú ar an Traein go Mullach Íde seachas Binn Éadair.
Busanna 32 agus 42 o lár na cathrach, 102 ón Aerfort.
Treoraí: Bláithín
Beidh Fáilte roimh chách.
Tabhair deoch agus rud beag le n-ithe leat agus beidh picnic bheag againn ar an mbealach!
Ta seans go mbeidh deoch againn i Mullach Íde tar éis na siúlóide
Nóta: Ní mór dúinn cloí leis na treoirlínte chun fanacht sábháilte