Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid Samhraidh - Déardaoin, 13 Meitheamh 2019

8/6/2019

 
Picture
Siúil Linn an Samhradh Seo!
 
An cósta ó Dhomhnach Bat go Mullach Íde

 
Teacht le chéile: 6:50 pm stáisiún traenach Dhomhnach Bat.
Fágann traenacha Stáisiún Uí Chonghaile ag 17:21, 17:39, 18:07 agus 18:30 a shroicheann Domhnach Bat ag 17:47, 18:03, 18:34 agus 18:50 faoi seach. Ní stopann gach traein ag gach stáisiún ar an mbealach.
 
An tSiúlóid: Diméin an Droichid Nua, timpeall Inbhear an Mhóinéir Leathain (Broadmeadow Estuary) go Mullach Íde. Beimid ag siúl ar an trá agus ar chosáin  agus tá seans go mbeidh sé fliuch in áiteanna.
Mairfidh an tsiúlóid timpeall 2 uair a chloig.
 
Críoch: Beidh deoch againn i dteach tábhairne Duffy i Mullach Íde.
Is féidir filleadh ar an gcathair ar an traein ó Mhullach Í
de (21:15, 21:45, 22:15, 22:42, 22:45, 23:17), nó traein a thógáil ar ais go Domhnach Bat (21:12, 22:09, 23:04).

 
Má tá sé ar intinn agat teacht linn, tóg greim beag bia leat le hithe ar an trá - nó le tabhairt do na healaí ag Inbhear an Mhóinéir Leathain!
 
Treoraí: Seán 
Ná bíodh leisce ort dul i dteagmháil linn chun tuilleadh eolais a fháil.
 
Seo Nasc do amchlár an DART


Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​

    Nóta: Mura bhfuil tú i do bhall beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly