Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid  - Na Sceirí, Dé Domhnaigh, 18 Meitheamh 2017

10/6/2017

 
Picture
Siúlóid:   Na Sceirí - Ard Giolláin - Na Sceirí
Siúlóid Éasca:   3.5 huaire ag siúl.
 
Áit chruinnithe:      Stáisiún Traenach Na Sceirí ag 12.00
 
Cúrsaí Taistil:   Traein ó Stáisiún na bPiarsach ag 11.15   Tá carrchlós in aice láimhe ach caithfear íoc as.
 
Treoraí:   Emer 
Nóta:   Tá seans (ag brath ar taoide) go mbeidh orainn siúl ar an mbóthar in áiteanna. Moltar duit veist shofheicthe (hi-viz vest) a thabhairt leat.

Treoracha go dtí tús na siúlóide má bheidh tú ag tiomáint: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath, téigh ar an M1. Ag bealach amach 4 tóg an R132 agus lean é 3 km go Blake’s Cross. Ansin cas fó dheis ar an R127. Lean na comharthaí bóthair agus sroichfidh tú Stáisiún Traenach Na Sceirí tar éis 12 km. Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.
 
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly