Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil

Siúlóid  na Nollag- 17 Nollaig 2022, Binn Éadair

12/12/2022

 
Picture
Siúlóid éasca chun an Nollaig agus an Grianstad a cheiliúradh
Binn Éadair – ar an gcósta agus ar an gcnoc.
 
Teacht le chéile: 11:00 r.n. ag Stáisiún Dart Bhinn Éadair.
Imíonn traenacha ó Stáisiún Uí Chonghaile ar an Satharn ag 10:10 agus 10:31 a shroicheann Binn Éadair ag 10:35 agus 10:57 faoi seach.
Stopfaimid ar an trá agus beidh picnic bheag againn - cad faoi pióga mionra agus pórtfhíon te?
Mairfidh an tsiúlóid 3.5 huaire agus beimid ar ais sa sráidbhaile ~2:30 - 3:00 i.n.
 
Tar éis na siúlóide beidh deis againn greim bia a fháil, agus sólaistí eile  - b'fhéidir san Abbey Tavern, ach tá neart áiteanna eile sa sráidbhaile.
 
Treoraí: Eileen 
Nóta: Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil linn
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat: Hata Nollag, geansaí Nollag, soilse gealánacha ar do mhála droma, beanna saorga fia,  féasóg bhán, pióga mionra féiltiúla!
Chun an fhírinne a rá NÍL an trealamh sin riachtanach, ach ná déan dearmad do chóta báistí a thabhairt leat, agus bróga oiriúnacha don chosán a bheidh fliuch agus lábach in áiteanna.


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly