Siúlóid i mBinn Éadair – ar an gcósta agus ar an gcnoc.
Teacht le chéile: 11:00 r.n. ag Stáisiún Dart Bhinn Éadair.
Stopfaimid ar an trá agus beidh picnic bheag againn - pióga mionra agus pórtfhíon te?
(Culaith snámha má bhíonn suim agat triail a bhaint as an snámh fiáin!!)
Mairfidh an tsiúlóid 3.5 huaire agus beimid ar ais sa sráidbhaile ~2:30 - 3:00 i.n.
Tar éis na siúlóide beidh deis againn greim bia a fháil, agus sólaistí eile - b'fhéidir sa Bloody Stream nó sa Doghouse in aice an stáisiúin traenach, ach tá neart áiteanna eile sa sráidbhaile.
Treoraí: Eileen
Nóta: Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil linn.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat: Hata Nollag, geansaí Nollag, soilse gealánacha ar do mhála droma, beanna saorga fia, féasóg bhán, pióga mionra féiltiúla!
Chun an fhírinne a rá NÍL an trealamh sin riachtanach, ach ná déan dearmad do chóta báistí a thabhairt leat, agus bróga oiriúnacha don chosán a bheidh fliuch agus lábach in áiteanna.