Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid Measartha Éasca - Ráth Droma, Avondale  - Dé Domhnaigh, 26 Feabhra 2017

15/2/2017

 
Picture
Siúlóid: Ráth Droma, bruach na hAbhann Móire, Avondale

Cur síos: Siúlóid éasca , 3 – 3.5 huaire an chloig ag siúl. 
Beidh an tsiúlóid seo ar chosáin. Ach tá seans go mbeidh sé fliuch agus láibeach in áiteanna, áfach.
Beimid ar ais ag na gluaisteáin idir 3:30 agus 4:00 i.n.
Fad na siúlóide, 11 km, dreapadh 400m
​
​Nóta: Beidh criú ceamara ó RTÉ amuigh ar an tsiúlóid seo linn. Tá siad chun clár teilifíse faoi Sheachtain na Gaeilge a dhéanamh agus píosa beag faoi Na Cnocadóirí a chur ann. Beidh suim acu labhairt linn, ár scéalta a chloisint agus agallaimh a thaifeadadh.
Seo do sheans bheith ar an teilifís. Agus má tá scéal suimiúil le hinsint agat bí ag smaoineamh air.


Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
nó
Tús na siúlóide:  An carrchlós ag Parnell Memorial Park i Ráth Droma in aice shéipéal Eaglais na hÉireann. Tagairt eangaí – T 190 880 nó N52.9300, W6.2306. 

Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
 

Treoraí: Seán
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn,téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:-  

Téigh ar an M11 chomh fada le Ráth Naoi (Rathnew). Fág an M11 ag Ráth Naoi agus gabh an R752 go Gleann Fhaidhle (Glenealy) agus Ráth Droma (Rathdrum). Ag Ráth Droma ná tóg an chéad bhóthar isteach sa sráidbhaile, ach tóg an casadh ar dheis cúpla céad méadar tar éis an stáisiúin traenach. Feicfidh tú an carrchlós ar an taobh deas.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide 

Nó is féidir traein a thógaint ó Stáisiún Uí Chonghaile go Ráth Droma ag 10:25 am. Bíonn traein ar ais go Baile Átha Cliath ó Ráth Droma ag 19:17 pm. Seo an nasc cuí :http://www.irishrail.ie/media/08_dublin-rosslare_from_010915.pdf

Tar éis na siúlóide tógfaimid deoch sa Cartoon Bar i Ráth Droma.


MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.

Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH 
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. 
http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
Sean
25/2/2017 02:54:39 pm

Is cosúil nach mbeidh an aimsir ró-iontach amárach. Ni bheidh sé rófhuar, agus beidh fothán againn ón ghaoth, ach beidh sé fliuch.
Na déan dearmad do chóta báisti a thabhairt leat.
Féach air seo:-http://www.yr.no/place/Ireland/Leinster/Rathdrum/


Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​

    Nóta: Mura bhfuil tú i do bhall beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly