Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid measartha éasca - Dé Domhnaigh, 19 Eanáir 2020

12/1/2020

 
Picture
Nóta: BEIDH AN tSIÚLÓID SEO AG TOSÚ AG 10:45 r.n., níos luaithe ná mar is gnáth.

Siúlóid:     Taiscumar an Tóchair (Roundwood Reservoir).

Cur síos:  Beidh dhá rogha ann. Mairfidh an dá shiúlóid 3.5 huaire an chloig agus beidh siad ar chosáin nó ar  bhóithre coille. Tá seans go mbeidh an talamh fliuch in áiteanna.
​

   Rogha 1: Siúlóid measartha éasca.
                    Fad: 15 km, Dreapadh: 300 m
   Rogha 2: Siúlóid éasca.
                    Fad: 8 km,  Dreapadh 200 m

Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam, os comhair an “Fitzwilliam Casino and Card Club” trasna na sráide ó IarOifigí BSL. http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html
Imeoimid ag 9.30 r.n. go cruinn.
nó
Tús na siúlóide: Bealach isteach an taiscumair ag an Tóchar (Tagairt eangaí O 203 038 nó N53.0715, W6.2059 )
Tosóimid ag siúl ag 10:45 r.n.
NB – Tosóimid níos luaithe ná mar is gnáth.
Beimid ar ais ag an gcarrchlós idir 3:30 agus 4:00 i.n.


Treoraí: Seán (an tsiúlóid measartha éasca) nó Gwyn (an tsiúlóid éasca)
Nóta: Má tá tú ag teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:- Gabh an M11 go Cill Mocheanóg agus ansin téigh ar an R755 go dtí an Tóchar. Díreach roimh lár an bhaile cas ar chlé ar an R765 ( an bóthar go Baile an Chinnéidigh nó Newtown Mountkennedy) agus sroichfidh tú an t-ionad páirceála tar éis 1.3 km ar thaobh na láimhe clé.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

Aimsir: Chun tuar na haimsire a fhiosrú roimh an tsiúlóid lean an nasc seo do YR.NO.

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.


Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.


TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly