Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Measartha Éasca  - Dé Domhnaigh, 13 Eanáir 2019

6/1/2019

 
Picture
Is minic a bhí cú mall sona. 
Siúlóid: Taiscumar an Tóchair (Roundwood Reservoir).
Cur síos: Beidh dhá rogha ann. Mairfidh an dá shiúlóid 3.5 huaire an chloig agus beidh siad ar chosáin nó ar bhóithre coille.
   Rogha 1: Siúlóid measartha éasca.
Fad: 15 km  Dreapadh: 300 m
   Rogha 2: Siúlóid éasca.
Fad: 8 km  Dreapadh 200 m

Áit chruinnithe: IarOifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
nó
Tús na siúlóide: Bealach isteach an taiscumar ag an Tóchar (Tagairt eangaí O 203 038 nó N53.0715, W6.2059 )
 
Treoraí: Seán (an tsiúlóid measartha éasca) nó Gwyn (an tsiúlóid éasca)
 
Nóta: Má tá tú ag teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid  ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:- Gabh an M11 go Cill Mocheanóg agus ansin téigh ar an R755 go dtí an Tóchar. Díreach roimh lár an bhaile cas ar chlé ar an R765 ( an bóthar go Baile an Chinnéidigh nó Newtown Mountkennedy) agus sroichfidh tú an t-ionad páirceála tar éis 1.3 km ar thaobh na láimhe clé.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
 
Aimsir: Chun tuar na haimsire a fhiosrú roimh an tsiúlóid lean an nasc seo do YR.NO.

​MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html.

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly