Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil

Siúlóid Measartha Éasca agus Dinnéar, Dé hAoine, Lá 'le Pádraig, 17 Márta 2017

16/3/2017

 
Picture
Nóta Tábhachtach: Dinnéar
Beidh béile againn ag 6:00pm tar éis na siúlóide i 8a Brasserie, An Corrán, Baile na Manach – The Crescent, Monkstown.
Tá an bhialann 400 m ó Stáisiún DART Bhaile na Manach.
Beidh praghas 33 Euro ar thrí chúrsa, tae/caife - táille sheirbhíse san áireamh (service charge included).
Fáilte romhat chuig an mbéile fiú murar féidir leat dul ar an tsiúlóid.
Más mian leat dul chuig an mbéile, cuir ríomhphost chuig [email protected] nó cuir téacs chuig  087 221 7800
Caithfimid a rá go luath leis an mbialann cé mhéad duine a bheidh ann.
 
Siúlóid: Bealach Sléibhe Bhaile Átha Cliath - Dublin Mountain Way, Seaneaglais agus cloigtheach Ráth Michíl, Carraig Uallacháin, Baile Mhic Fheorais, na mianaigh luaidhe
Cur síos: Siúlóid measartha éasca, 3.5 /4 huaire an chloig ag siúl.
Beidh an tsiúlóid seo ar chosáin. Ach tá seans go mbeidh sé fliuch agus láibeach in áiteanna, áfach.
Fad na siúlóide: 10.5 km; dreapadh 500 m
 
Tús na siúlóide: Teach Tábhairne Brady's, Bóthar Bhaile Átha Cliath, Seanchill, Co. Bhaile Átha Cliath.  : O 253 217 nó N53.2300, W6.1243
Ní bheidh cead againn páirceáil ag an teach tábhairne, beidh sé an-ghnóthach an lá sin
Tosóimid ag siúl ag 12:45 r.n.
 
Treoraí: Seán 

Treoracha go dtí tús na siúlóide:
Rogha 1: Tá stad DART Sheanchille 1 km (12 nóiméad) ó theach tábhairne Brady – lean an nasc seo ar GoogleMaps .
Lá ‘le Pádraig fágfaidh traenacha Stáisiún Uí Chonghaile ag 10:59, 11:14; 11:30 agus 11:59 a shroichfidh Seanchill ag 11:42, 11:52, 12:07 agus 12:37 faoi seach agus a stopann ag gach stáisiún ar an mbealach.
 
Rogha 2 : Féadfar busanna 45a, 84, 84a 145 agus 181 a thógáil go Stad Bus 3139 díreach os comhair theach tábhairne Brady's.
 
Rogha 3: Ma bhíonn tú ag tiomáint, tá carrchlós ag an Ionad Siopadóireachta, Beechfield Manor, ag an timpeallán ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath, 400 m ó Theach tábhairne Brady's. Bíonn an carrchlós sin folamh i gcónaí. Seo nasc dó ar GoogleMaps.
 
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat.
http://www.cnocadoiri.com



Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly