Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Turas Siúil sa Spáinn 2025
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid Measartha Éasca - 21 Eanáir 2018 - Avondale

16/1/2018

 
Picture

Seo comhshiúlóid le hOifig na Gaeilge agus leis an gCumann Gaelach in UCD.
Micléinn, den chuid is mó, a bheidh amuigh ag siúl.
Seo seans iontach chun daoine óga a spreagadh, agus chun taispeáint dóibh gur teanga bheo í an Ghaeilge.
 
Siúlóid: Ráth Droma, bruach na hAbhann Móire, Avondale
 
Cur síos: Siúlóid measartha éasca ar chosáin agus ar bhóithre coille (2.5 uair ag siúl)
Tá seans go mbeidh sé fliuch láibeach in áiteanna ach ní bheidh aon ghá le buataisí sléibhteoireachta – oirfidh bróga reatha . 
Fad na siúlóide    11 km    
Dreapadh   400 m
 
Tús na siúlóide: An carrchlós ag Parnell Memorial Park i Ráth Droma in aice shéipéal Eaglais na hÉireann. Tagairt eangaí – T 190 880 nó N52.9300, W6.2306.
Tosóimid ag siúl ag 11:00 r.n.
Críochnóimid idir 1:30 agus 2:00 i.n.
 
Treoraí:      Seán  
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dreagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: Téigh ar an M11 chomh fada le Ráth Naoi (Rathnew). Fág an M11 ag Ráth Naoi agus téigh at an R752 go Gleann Fhaidhle (Glenealy) agus Ráth Droma (Rathdrum). Ag Ráth Droma, ná tóg an chéad bhóthar isteach sa sráidbhaile, ach tóg an casadh ar dheis cúpla céad méadar tar éis an stáisiúin traenach. Feicfidh tú an carrchlós ar an taobh deas.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide
 
Tar éis na siúlóide: Beidh sólaistí ar fáil tar éis na siúlóide sa Chester Beatty Inn, Áth na Fuinseoige.

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre
a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn
comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.  Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na  siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin  ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas  a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine!  Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​
    ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly