Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid  - Maoilín - Dé Domhnaigh, 22 Deireadh Fómhair 2017

16/10/2017

 
Picture
Siúlóid: Maoilín (Trooperstown Hill), Coill Bhaile an Luig, Droichead an Chláraigh agus ar ais.
Cur síos: Siúlóid mheánach (4 huaire an chloig ag siúl).
Dreapadh: 600 m,   Fad: 15 km
 
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
nó
Tús na siúlóide: Carrchlós Choill Thigh an Tearmainn (Trooperstown car park) - tagairt eangaí : T 159 969 (nó N53.011, W6.275). Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
 
Treoraí: Déaglán 
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmhail linn roimh ré, chun síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:  Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg. Cas ar dheis ar an R755 go dtí  An Tóchar agus Áth na mBó. 2.7 km tar éis Áth na mBó (nó 2 km roimh an Láithreach) cas ar chlé ar bhóthar beag. Tá an carrchlós 450 m síos an bóithairín seo ar chlé.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide. 

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
Seán
21/10/2017 07:03:51 pm

Beidh aimsir mhaith againn ar an tsiúlóid amárach. Lean an nasc seo chun í an tuar a fheiceail:
https://www.yr.no/place/Ireland/Leinster/Laragh~2963028/hour_by_hour.html


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly