Nóta: Tosóidh an tsiúlóid ag 11:00 r.n.
Siúlóid Éasca: Taiscumar Fheartraí, an Tóchar – Vartry Reservoir, Roundwood
Fad: ~8 km, Dreapadh: 00 m
Mairfidh an tsiúlóid 3 huaire an chloig
Tús na siúlóide: Carrchlós Fheartraí Uachtair. (Tagairt eangaí – O 204 038 nó N53.0716, W6.2053).
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Críochnóimid idir 2:00 agus 2:30 i.n.
Treoraí: Eileen agus Christy
NB - I ndiaidh na siúlóide beidh béile againn sa White Heather sa Láithreach. Cuir fios ar Eileen nó ar Christy chomh luath agus is féidir, chun spás a cur in áirithe
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn nó le hEileen nó le Christy
Treoracha go dtí tús na siúlóide:
Gabh an M11 go Cill Mocheanóg agus ansin téigh ar an R755 go dtí an Tóchar. Díreach roimh lár an bhaile cas ar chlé ar an R765 - an bóthar go Baile an Chinnéidigh (Newtown Mountkennedy) agus Cill Chomhghaill (Kilcoole). Sroichfidh tú an t-ionad páirceála tar éis 1.3 km ar thaobh na láimhe clé.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.