Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Lá Bloom, Dé Domhnaigh, 13 Meitheamh 2021

12/6/2021

 
Picture
Tá Lá Bloom nach mór linn agus níor mhiste lorg an tSeoighigh, Nora Barnacle agus Leopold Bloom a leanúint ar feadh seala.
 
Teacht le chéile: 11:30 r.n. ag Sráid na Bearú, lasmuigh de Stáisiún DART Duga na Canálach Móire.
Tá tús na siúlóide gar do Oifig Google. Seo nasc dó ar Google Maps.
 An tSiúlóid: Bóthar na Rinne, Páirc na Rinne, Ascaill an Droichid Nua, Eaglais Réalt na Mara, Páirc Sheáin Uí Mhóra, Ardán an Droma Aird, sráidbhaile Dhumhach Thrá.
 
Tá dhá chaibidil de Ulysses (Proteus agus Nausicaa) lonnaithe i gceantar Dhumhach Thrá.
Tabharfar cuairt ar thithe agus ar láithreacha a bhfuil baint acu leis an leabhar.
 
Ní bheidh ceistneoir le líonadh agus beidh fáilte speisialta romhaibh siúd a bhíonn ag ligint orthu go bhfuil an leabhar léite acu.
 
Fad: Mairfidh an tsiúlóid thart ar 2.5 uair a chloig.
Treoraí: Fionn 
 
Rogha breise: Ná déan dearmad do cheapaire Gorgonzola agus braoinín beag fíona de chuid na Burgúine a thabhairt leat le haghaidh picnice bige i lár na siúlóide.

 
Nóta: Ní mór dúinn cloí le treoirlínte COVID-19 chun fanacht sábháilte


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly