Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid  - Gleann Molúra, Dé Domhnaigh, 2 Iúil 2017

26/6/2017

 
Picture
Siúlóid: Gleann Molúra, Na Fiarláin, Loch Uí Cheallaigh, Log na Coille, Clocharnach
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4.5 - 5 huaire an chloig ag siúl.
Fad na siúlóide - 15 km
Dreapadh  - 800 m
 
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
nó
Tús na siúlóide:  Ionad páirceála i nGleann Molúra idir *Droim Mhic Eochadha (Drumgoff) agus Áth an Bharra Mhóir (Baravore Ford) . (tagairt eangaí - T 083 925 nó N52.9731, W6.3895).
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
 
Treoraí: Seán 
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath :-  Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. 1.5 km tar éis an Láithrigh cas ar dheis ar an mBóthar Míleata i dtreo Ghleann Molúra. I nGleann Molúra (ag an óstán) cas ar dheis arís agus tiomáin 2.5 km ar an mbealach sin go dtí go sroichfidh tú an t-ionad páirceála ar thaobh na láimhe clé.  Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
  
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly