Gleann dá Loch, An Loch Uachtair, Sráidbhaile na Mianadóirí, An Spinc, Poll an Easa,
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4 huaire an chloig ag siúl.
Fad na siúlóide - 13 km
Dreapadh - 600 m
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 9:45 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
nó
Tús na siúlóide: Carrchlós ag An Loch Uachtair i nGleann Dá Loch (tagairt eangaí : T 111 965 nó N53.0069 W6.3446).
Tosóimid ag siúl ag 11:00 r.n.
N.B. Beimid ag tosú níos luaithe ná mar is gnách, toisc go ndúnfar an carrchlós ag 4:00pm
Treoraí: Máirtín
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: Téigh ar an N11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 go dtí An Láithreach, agus ar an R756 go Gleann Dá Loch. Buailfimid le chéile sa charrchlós ag An Loch Uachtair (an dara carrchlós). Beidh costas 4 Euro ar an bpáirceáil.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html