Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid  - Gleann dá Loch, Dé Domhnaigh, 23 Aibreáin 2017

17/4/2017

 
​Siúlóid: Gleann dá Loch,
Cur síos: Siúlóid measartha éasca, 4 huaire an chloig ag siúl.
Fad: 12 km       Dreapadh: 300 m
 
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (h
ttp://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )   nó
Tús na siúlóide: An carrchlós ag Ionad na gCuairteoirí i nGleann dá Loch (ag an Óstán)- tagairt eangaí : T 127 968 (nó N53.011, -W6.324) .

Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
 
Treoraí : Breandán Mac Aoidh Bhuí
Uimhir Teagmhála: 087 906 0511

Nóta: Má tá tú ag teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag dul ó Bhaile Átha Cliath: - Lean an M11 go Cill Mocheanóg agus ansin an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. Ag an Láithreach gabh díreach ar aghaidh agus sroichfidh tú an carrchlós ar an taobh clé tar éis 2 km .
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps.
  
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.

 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat.
http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly