Cur síos: Siúlóid mheánach 4.5 huaire an chloig ag siúl. Críochnóimid idir 4:00 agus 4:30 i.n.
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
nó
Tús na siúlóide: Carrchlós 250 m siar ón mbrú óige ag Cnoc Rí. (tagairt eangaí - O 190 150, nó N53.1725, W6.2197).
Tosóimid ag siúl ag 11:15 r.n.
NB Beimid ag tosú 30 nóiméad níos luaithe ná mar is gnách, toisc tús na siúlóide a bheith cóngarach don chathair.
Treoraí: Daithí
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Má bhíonn tú ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: Cas ar dheis i sráidbhaile Áth na Sceire ar an L1011. Tar éis 3 km cas ar chlé agus lean na comharthaí bóthair don bhrú, a shroichfidh tú tar éis 2.5 km. Tiocfaidh tú ar an gcarrchlós cúpla céad méadar ina dhiaidh sin.
Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html