Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Naisc
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Féilire
  • Siúlóidí & Imeachtaí
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2020
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2008
  • Teagmháil linn

Siúlóid Éasca, Domhnach Cásca, 17 Aibreán 2022 - Avondale

11/4/2022

 
Picture
Nóta: Tosóidh an tsiúlóid ag 12:00 r.n.
Siúlóid Éasca: Ráth Droma, bruach na hAbhann Móire, Avondale agus ar ais go Ráth Droma
Fad: 10 km, Dreapadh: 200 m
Mairfidh an tsiúlóid 3 – 3.5 huaire an chloig

Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). Imeoimid ag 10:30 r.n. go cruinn.  (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
Nó
Tús na siúlóide: An carrchlós ag Parnell Memorial Park i Ráth Droma in aice shéipéal Eaglais na hÉireann. Tagairt eangaí – T 190 880 nó N52.9300, W6.2306.
Bí ann ag 11:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 12:00 r.n.
Críochnóimid idir 3.00 agus 3.30 i.n.
Tar éis na siúlóide rachaimid go dtí an Cartoon Inn i Ráth Droma


Treoraí: Seán
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn


Treoracha go dtí tús na siúlóide:
Téigh ar an M11 chomh fada le Ráth Naoi (Rathnew). Fág an M11 ag Ráth Naoi agus gabh an R752 go Gleann Fhaidhle (Glenealy) agus Ráth Droma (Rathdrum). Ag Ráth Droma ná tóg an chéad bhóthar isteach sa sráidbhaile, ach tóg an casadh ar dheis cúpla céad méadar tar éis an stáisiúin traenach. Feicfidh tú an carrchlós ar an taobh deas. Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide 
Nó is féidir traein a thógaint ó Stáisiún Uí Chonghaile ag 10:25 am a shroichfidh  Ráth Droma
ag 11:42 Bíonn traein ar ais go Baile Átha Cliath ó Ráth Droma ag 16:10 agus 19:17 pm. Seo an nasc cuí – Iarnród Éireann  - Ráth Droma.


MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú. 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html




Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club cnocadóireachta agus siúl sléibhe trí mheán na Gaeilge. Eagraímid siúlóidí rialta i sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin, siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh, turais cnocadóireachta in Éirinn  agus thar lear, agus imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua i gcónaí. Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​

    Do Bhallraíocht

    Na déan dearmad do  bhallraíocht bhliantúil a athnuachan.
    Is féidir é a dhéanamh ar líne

    Rannóga

    All
    Gnáthshiúlóidí
    Grianghraif
    Grianghraif 2008
    Grianghraif 2009
    Grianghraif 2010
    Grianghraif 2011
    Grianghraif 2012
    Grianghraif 2013
    Grianghraif 2014
    Grianghraif 2015
    Grianghraif 2016
    Grianghraif 2017
    Grianghraif 2018
    Imeachtaí Sóisialta/cultúrtha
    Siúlóidí Um Thráthnóna
    Turas/Deireadh Seachtaine

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
cnocadoiri@yahoo.com
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly