Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Éasca  - Dé Domhnaigh, 31 Márta 2019

25/3/2019

 
Picture
​Siúlóid: Páirc Éanna agus Músaem na bPiarsach, Ráth Fearnáin
Cur síos: Siúlóid Éasca a bheidh anseo.
Dreapadh: Go hArdintleacht agus go hArdchaighdeán filíochta An Phiarsaigh!
 
Áit chruinnithe: An Carrchlós ag Ascaill Shorcha Ní Churraoin (Sarah Curran Avenue) taobh le Páirc Éanna i Ráth Fearnáin.
Tosóimid ag siúl ag 12.00 nóin, mar sin bí ann cúpla neomat roimh an meán lae.
 
Bus: Uimhir a 16 go dtí an stad (uimhir 7068) taobh le Páirc Éanna ar Bhóthar na Gráinsí
 
Treoraí: Fionn 
Nóta: Má tá tú ag teacht linn, téigh i dteagmháil roimh ré (sa Comments ag bun an fhógra seo).
Ní gá bia a thabhairt leat toisc go bhfuil Caifé sa Mhúsaem agus tá sé i gceist againn dul ann thart ar 2.00 i.n.


I 1910 bhog Pádraig Mac Piarais Scoil Éanna chuig An Díseart  (The Hermitage), teach a thóg Edward Hudson (Fiaclóir Stáit na linne) i 1780.
Deirtear gur mealladh An Piarsach anseo toisc go bhfuil sé sa bhéaloideas gur cheadaigh Hudson do Robert Emmet agus a ghrá geal Sorcha Ní Churraoin (Sarah Curran) bheith ag bualadh le chéile san áit, i ngan fhios d’athair Shorcha, an dlíodóir John Philpot Curran, a raibh teach mór aige sa chomharsanacht agus nár cheadaigh dá iníon aon bhaint a bheith aici le hEmmet.
Leanfaimid lorg An Phiarsaigh go Ráth Fearnáin! Tosóimid le siúlóid 30 neomat thart ar an bPáirc agus ansin caithfimid seal ag breathnú ar na crainn sa Ghairdín Imfhálaithe (Walled Garden). Ina dhiaidh sin beidh breis is uair an chloig á chaitheamh againn sa Díseart - Músaem na bPiarsach sa lá atá inniu ann.


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly