Teacht le chéile: Timpeallán Chill Mocheanóg ar an N11 (Aviaries). Tagairt eangaí: O 248 145 nó N53.1672, W6.1331
Am: 10.30rn.
An tsiúlóid: Giolspar (Little Sugarloaf).
Beidh cúpla rogha ann: dreapadh go barr Ghiolspar agus siúl le fad an droma nó siúl ar an gcothrom ag léibhéal níos ísle ach comhthreomhar leis an droim.
Mairfidh an tsiúlóid 2.5 uair.
Treoraí: Daithí
Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath, fág an M11 i gCill Mocheanóg. Tá ionad páirceála ag an timpeallán - ag an gcomhartha Aviaries.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide
PS ...seans go mbeidh an N11 gnóthach go leor