Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Éasca - Dé Domhnaigh, 14 Samhain 2021 - Portach na Greallaí

7/11/2021

 
Picture
Siúlóid: Timpeall Phortach na Greallaí* (Girley Bog), Baile na Scorlógaigh (Scurlockstown) in aice le Ceanannas, Contae na Mí
Cur síos: Siúlóid éasca, 8 km  a mhairfidh 2 - 2.5 huaire an chloig.
Beidh deis againn an obair a fheiceáil, atá ar siúl chun an portach seo a chaomhnú.


​Tús na siúlóide: 12:00 pm ag carrchlós na Greallaí – tagairt eangaí N 696 711 nó 53.6851, -6.9474
Chun dul ann téigh ar an M3 go dtí an timpeallán ag deireadh an mhótarbhealaigh  agus tóg an chéad bhealach amach ar an N52 i dtreo an Mhuilinn Chearr (Mullingar) agus Dhealbhna (Delvin). Sroichfidh tú bealach isteach an charrchlóis ar an taobh clé tar éis 5.8 km.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

Tabhair deoch agus rud beag le hithe leat agus beidh picnic againn ar an tsiúlóid!
Beidh deis againn cupán tae/caife a fháil i gCeanannas tar éis na siúlóide.

 
Treoraí: Seán
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn.
 
Beimid ag siúl ar chosán agus ar tóchair adhmaid. Féadfaidh sé bheith fliuch, sciorrach nó lábach in áiteanna.
 
Beidh Fáilte roimh chách.
 
*Is ionann “greallach“ agus talamh fhliuch bhog no “criathar” – mar sin is athluaiteachas (tautology) an t-ainm Portach na Greallaí.

 
Nóta: Ní mór dúinn cloí leis na treoirlínte chun fanacht sábháilte


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly