Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Éasca agus Béile - Lá 'le Pádraig 2024 - Gleann an Chláraigh

12/3/2024

 
Picture
Siúlóid Éasca: Gleann an Chláraigh (Clara Vale).
Fad na siúlóide - 10.5 km, Dreapadh – 200 m, 2.5 - 3 huaire an chloig ag siúl.
Treoraí: Deaglán
​

NB -  I ndiaidh na siúlóide beidh béile againn in The Wicklow Heather sa Láithreach ag 3:30pm. Cuir fios orainn lá roimh ré, ar a laghad, chun spás a cur in áirithe.
Ar ndóigh, is féidir bheith ag an mbéile linn gan dul ar an tsiúlóid.
---------------------
Tús na siúlóide:  An geata ag an bealach isteach go Foraois Ghleann an Chláraigh. (Tagairt eangaí T 17039 92284 , nó N52.9689, W6.25873)
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.

Beidh an tsiúlóid seo ar chosáin agus ar bhóithre coille, ach tá seans go mbeidh sé fliuch nó lábach in áiteanna.

Má bhíonn tuilleadh eolais uait nó má bhíonn síob uait go dtí tús na siúlóide téigh i dteagmháil linn.
Toisc Pharáid Lá 'le Pádraig ní bheidh aon áit chruinnithe againn i lár na cathrach an uair seo.

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – Imigh den M11 ag Cill Mocheanóg agus gabh an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. Ag Lynham’s sa Láithreach cas ar chlé ar an R755. Lean an R755 ar feadh 5.9km agus cas ar clé ar an L6120. Lean an bóthar sin thar an droichead cúng agus an eaglais agus sroichfidh tú an t-ionad páirceála tar éis 600m ar an taobh deas.
Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly