Fad - 11 km, Dreapadh – 160 m, 2.5 - 3 huaire an chloig ag siúl.
Treoraí: Deaglán
------------------
I ndiaidh na siúlóide beidh béile againn in The Wicklow Heather sa Láithreach ag 3:00pm. Cuir fios orainn roimh ré chun spás a cur in áirithe.
Ar ndóigh, is féidir bheith ag an mbéile linn gan dul ar an tsiúlóid.
---------------------
Tús na siúlóide: An geata ag an bealach isteach go Foraois Ghleann an Chláraigh. (Tagairt eangaí T 17039 92284 , nó N52.9689, W6.25873)
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Beidh an tsiúlóid seo ar chosáin agus ar bhóithre coille, ach tá seans go mbeidh sé fliuch nó lábach in áiteanna. Ní mór buatais agus cóta báistí a bheith agat
Má bhíonn tuilleadh eolais uait nó má bhíonn síob uait go dtí tús na siúlóide téigh i dteagmháil linn.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó Bhaile Átha Cliath – Imigh den M11 ag Cill Mocheanóg agus gabh an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach.
1 Ag Lynham’s sa Láithreach cas ar chlé ar an R755. Tar éis 800m cas ar chlé (roimh an droichead) ar an L6086. Lean an bóthar seo ar feadh 4.8km agus cas ar dheis síos an bóthar beag. Sroichfidh tú an t-ionad páirceála tar éis 600m ar an taobh clé.
nó
2 Lean an bóthar R755 ó Lynham’s ar feadh 5.9km agus cas ar clé ar an L6120. Lean an bóthar sin thar an droichead cúng agus an eaglais agus sroichfidh tú an t-ionad páirceála tar éis 600m ar an taobh deas.
Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide