Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Trealamh agus feisteas
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Ballraiocht
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Teagmháil

Siúlóid  - Dé Domhnaigh, 28 Iúil 2019

26/7/2019

 
Picture
Siúlóid: Ceatharlach go Baile Átha Í, ar bhruach na Bearú (River Barrow).
 
Cur síos: Siúlóid éasca réidh, 20 km, 5.5 huaire an chloig ag siúl.
Áit chruinnithe: Stáisiún traenach Heuston ag  8:50 r.n. (Oifig na dTicéad, ag an mbealach isteach ó Shráid Eoin) chun an traein ag 9:10 r.n a fháil.
Tús na siúlóide: Stáisiún traenach Cheatharlach.

Tosóimid ag siúl ag 10:15 r.n.
 
Ag deireadh na siúlóide tógfaimid an traein ar ais ó Bhaile Átha Í ag 16:26 a bheidh i Stáisiún Heuston ag 17:20 (nó má bhíonn moill ar an tsiúlóid beidh traein ó Bhaile Átha Í ag 19:20 a bheidh in Houston ag 20:20) .
Nóta: Tá gnáthchostas ~ 15 Euro an bealach (i.e. each way) ar an traein, nó beidh sé níos saoire (10 Euro) áirithint a dhéanamh ar líne roimh ré.
 
Treoraí : Breandán 
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmhail linn roimh ré .

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.

 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat.
http://www.cnocadoiri.com/trealamh.html

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly