Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid - Dé Domhnaigh, 28 Feabhra 2016

23/2/2016

 
Siúlóid: Leacht Cuimhneacháin Shay Elliott, Sliabh na Cuileanntraí, Mullaigh Mhór, Cúinne Critchley, Na 12 Uaigh.
Cur síos: Siúlóid mheánach ,  4 – 4.5  huaire an chloig ag siúl.
 
Beimid ar ais ag na gluaisteáin ag 4:30 i.n.
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
nó
Tús na siúlóide:  Carrchlós Shay Elliott ar an mBóthar Míleata idir An Láithreach agus Gleann Molúra. Tagairt eangaí – T 130 922 nó N52.9689 W6.3189
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
 
Treoraí: Fionn
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, cuir téacs chuig Fionn roimh ré ionas go mbeidh sé ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:- Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. 1.5 km tar éis an Láithrigh, cas ar dheis ar an mBóthar Míleata i dtreo Ghleann Molúra ag an gcomhartha bóthair. Tar éis 6 km sroichfidh tú carrchlós Shay Elliott ag an bpointe is airde ar an mbóthar.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide
 

 
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat - http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html 
 
Seán
23/2/2016 12:30:48 pm

Ag súil go mór le lá deas. Is cosúil go bhfuil an tEarrach tagtha faoi dheireadh.


Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​
    ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly