Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid, Dé Domhnaigh, 14 Feabhra

9/2/2016

 
Siúlóid: An Sean Droichead, Scor, Ceann Toirc
Cur síos: Siúlóid Mheánach/éasca ,  4 – 4.5  huaire an chloig ag siúl.
 
Beimid ar ais ag na gluaisteáin ag 4:30 i.n.
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
nó
Tús na siúlóide:  An carrchlós ag An Sean Droichead, in aice Loch Deán. Tagairt eangaí – O 158 019 nó N53.0557 W6.2735.

Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
 

Treoraí: Emer
Uimhir Theagmhála: 086 1959689

Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, cuir téacs chuig Emer roimh ré ionas go mbeidh sí ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:-  téigh ar an N11 go Cill Mocheanóg, ansin an R755 go dtí An Tóchar (Roundwood). Cas ar dheis i lár an tsráidbhaile. Tar éis 3 km, ag An Sean Droichead, cas ar dheis agus sroichfidh tú an carrchlós tar éis 300m.


Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide 

 

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.

 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat.
http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html




Seán
10/2/2016 08:59:37 pm

Beidh mé ann, cinnte.

Seán
13/2/2016 03:32:41 pm

Beidh an ghrian ag taitneamh amárach. Ní bheidh aon bhaisteach ná gaoth ann, ach beidh sé rud beag fuar. Is cosúil go mbeidh lá deas againn.


Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​

    Nóta: Mura bhfuil tú i do bhall beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly