Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Trealamh agus feisteas
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Ballraiocht
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Teagmháil

Siúlóid  - An Sean Droichead, Scor -  24 Meán Fómhair 2017

18/9/2017

 
Picture
Siúlóid: An Sean Droichead, Scor, Ceann Toirc
Siúlóid Mheánach - 4  huaire an chloig ag siúl.  
Beimid ar ais ag na gluaisteáin idir 4:00 agus 4:30 i.n.

Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
nó
Tús na siúlóide:  An carrchlós ag An Sean Droichead, in aice Loch Deán. Tagairt eangaí – O 157 020 nó N53.0561 W6.2734.

Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n. 
Treoraí: Breandán

Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, teigh i dteagmhail linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:-  téigh ar an N11 go Cill Mocheanóg, ansin an R755 go dtí An Tóchar (Roundwood). Cas ar dheis i lár an tsráidbhaile. Tar éis 3 km, ag An Sean Droichead, cas ar dheis agus sroichfidh tú an carrchlós tar éis 300m.

Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide ​

​MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
Seán Ó Riain
25/9/2017 10:54:04 am

Lá iontach, go raibh míle maith agaibh.


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly