Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil

Siúlóid agus Lón na Nollag, 18 Nollaig 2021

12/12/2021

 
Picture
Chun an Nollaig a cheiliúradh beidh siúlóid éasca againn Dé Sathairn, 18 Nollaig 2021 i mBinn Éadair – ar an gcósta agus ar an gcnoc. 

Teacht le chéile: 10:00 r.n. ag Stáisiún Dart Bhinn Éadair.
Tá se sin ceart! – 10:00 r.n.
​Stopfaimid ar an tsiúlóid le haghaidh picnice bige.

Mairfidh an tsiúlóid 3.5 huaire agus beimid ar ais sa sráidbhaile ~1:30 i.n.


Tar éis na siúlóide beidh greim agus bolgam (bite and sup) againn i gcaifé ar an gcé.

 
Treoraí: Eileen
Nóta: Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil linn .
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat: Hata Nollag, geansaí Nollag, soilse gealánacha ar do mhála droma, beanna saorga,  féasóg bhán, pióga mionra féiltiúla!
I ndáiríre NÍL an trealamh sin riachtanach, ach ná déan dearmad do chóta báistí a thabhairt leat, agus bróga oiriúnacha don chosán a bheidh fliuch agus lábach in áiteanna.

Nóta: Ní mór dúinn cloí leis na treoirlínte chun fanacht sábháilte


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly