Siúlóid: Bearna Chill Mhantáin,Cnoc an Turlaigh, Cam an Doire, An Bhrocach, Cnoc na Maoile, Tóin le Gaoith
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4 - 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Fad : 14 km
Dreapadh: 670 m
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
nó
Tús na siúlóide: Carrchlós ag Bearna Chill Mhantáin, idir Cillín Chaoimhín agus an Láithreach. (Tagairt eangaí - O 077 002, nó 53.0417N 6.3962W ). Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Treoraí: Seán
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath - ar an N81, 8 km tar éis Baile Coimín, cas ar chlé i dtreo Chillín Chaoimhín (Hollywood). Lean díreach ar aghaidh ar an R756. Sroichfidh tú an carrchlós tar éis 15 km, díreach ag barr na Bearna.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html