Cur síos: Siúlóid mheánach, 4.5 huaire ag siúl.
Fad: 14 km. Dreapadh: 300 m
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
nó
Tús na siúlóide: Sráidbhaile Chillín Chaoimhín. (Tagairt eangaí - N 940 055, nó N53.0921 W6.5976). Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Treoraí: Máirtín
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roim ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath - ar an N81, 8 km tar éis Bhaile Coimín, cas ar chlé i dtreo Chillín Chaoimhín (Hollywood). Faigh ionad páirceála sa sráidbhaile. Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
Ná déan dearmad do thóirse a thabhairt amach leat – beidh an ghrian ag dul faoi ag 16:15.
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna le laghdú ar an líon carranna ar na bóithre agus ar an líon carranna a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat trealamh-agus-feisteas