Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil

Siúlóid - 19 Samhain 2017 - Áth na mBó

13/11/2017

 
Picture
​Siúlóid: Áth na mBó, Slí Chualann Nua, Cnoc Banraí* (Paddock Hill), Tigh an Tearmainn, Caisleán Chaoimhín.
​

Cur síos: Siúlóid éasca/mheánach, 3.5 / 4 huaire an chloig ag siúl.
Fad: 12 km
Dreapadh: 400 m
 
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn.  http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html

nó
Tús na siúlóide: Áth na mBó (Lár an bhaile)
- tagairt eangaí : T 171 993 (nó N53.0316, -W6.2552) .

Tosóimid ag siúl ag 11:30 r.n.
Beimid ar ais ag an gcarrchlós idir 3:30 agus 4:00 i.n.
 
Treoraithe : Liam agus Nóra
Nóta: Má tá tú ag teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: - Lean an M11 go Cill Mocheanóg agus ansin an R755 go dtí an Tóchar agus Áth na mBó.  Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps.

​MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.

 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly