Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid - 15 Eanáir 2023, An Bhearú

9/1/2023

 
Picture
Siúlóid mheánach:  Slí na Bearú ó Ghráig na Manach, go Tigh Moling (7 km), sean Mhainistir Thigh Moling (Saint Mullin's), agus ar ais ar an mbealach céanna.
Fad: 15 km,  Dreapadh: 80 m
4 uair an chloig ag siúl, uair an chloig i gceantar na mainistreach, agus lón. Beimid ar ais i nGráig na Manach timpeall 4:00i.n.
Beidh an cosán fliuch in áiteanna, beidh gá le buataisí.
------------
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89).
Bí ann ag 8:45 r.n. Imeoimid ag 9:00 r.n. go cruinn.  (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )Nó
Tús na siúlóide: Carrchlós ar Ché Ghráig na Manach, in aice le Halla na nGasóg, (Scout Den, Eircode R95FX02) díreach ag an abhainn. 
(Tagairt eangaí - S 712 438 nó N52.5410, W6.9520.)

Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.Is turas 130km é ó Bhaile Átha Cliath go Gráig na Manach - timpeall 1 uair 45 nóiméad.

​Treoraí: Breandán
Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais uait nó má bhíonn síob uait go dtí tús na siúlóide téigh i dteagmháil linn .

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Baile Átha Cliath go dtí tús an M7, 32km ar an M7 go dtí tús an M9, 52km go dtí bealach amach 6. Ansin tiomáin ar an R448 i dtreo Mhuine Bheag, via An Droichead Nua (Goresbridge) ansin ar an R703 go Gráig na Manach. Gabh tríd an bpríomhshráid go dtí an Ché.
Nó lean an  nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide 


TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html



Picture

Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​
    ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly