Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid  - 11 Nollaig 2022, An Chanáil Ríoga

8/12/2022

 
Picture
TÁBHACHTACH - NÍ BHEIDH SIÚLÓID SLÉIBHE AGAINN
Dar le tuar na haimsire beidh sé an-fhuar, agus gach seans go mbeidh oighear dubh ar na bóithre sna sléibhte.
Mar sin beidh siúlóid againn ar bhruach na Canálach Ríoga, gan mórán dreaptha.


Siúlóid Mheánach/Éasca: Baile Phib, Bruach na Canálach Ríoga go Léim an Bhradáin.
Fad na siúlóide - 16 km, 
4 uair an chloig ag siúl.

Tús na siúlóide:  Droichead na gCrosghunnaí (Crossguns Bridge) i mBaile Phib in aice Theach Tábhairne Brian Boru (Eircode D09 PP93, tagairt eangaí N53.3645, W6.2719 agus seo an nasc ar GoogleMaps).
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Tar éis na siúlóide tiocfaimid ar ais ar an traein ó Léim an Bhradáin.

Treoraí: Seán 
Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais uait  téigh i dteagmháil linn.

Treoracha go dtí tús na siúlóide:
Is féidir gabháil ar bhusanna 4, 9, 83, 83A, 140, 155 go stad 199 díreach roimh Dhroichead na gCrosghunnaí.


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly