Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid - 11 Márta 2018 - Bealach Shléibhte Átha Cliath Theas

7/3/2018

 
Picture
​
Ar Thóir na Féinne,
Ó Charraig go Cairn


Siúlóid Sheachtain na Gaeilge le hOifig Ealaíon Chomhairle Contae Átha Cliath Theas
i gcomhair le Gaelphobal Thamhlachta
 

Siúlóid: Bealach Shléibhte Bhaile Átha Cliath –
Tamhlacht, Gleann an Smóil, Caisleán Uí Cheallaigh.
Siúlóid measartha éasca.
Fad na siúlóide: 22 km nó 15 km
Dreapadh: 300 m nó 200 m
 
Áiteanna chruinnithe:
1   Dánlann Rua Red, Tamhlacht  in aice an stáisiún Luas.
    10:45 r.n : An chéad chuid de léiríu dráma faoi Oisín agus na Fianna
    11:00 r.n : Tosóidh an grúpa ag siúl ar Bhealach Shléibhte Bhaile Átha Cliath 
                    Siúlóid 22 km.
nó
2   An carrchlós ag Taiscumar Ghleann an Smóil
    12:00 nóin : An dara cuid den dráma
                    Siúlóid 15 km
nó
3    Is féidir bheith ag an dráma ag Rua Red ag 10:45 i.n. agus tiomáint don charrchlós i nGleann an Smóil in ionad an chuid sin a shiúl.
 
Críochnóidh an tsiúlóid ag Rua Red ag 5:00 i.n.
 
Tá eolas faoin tsiúlóid agus faoin dráma ag  Ó Charraig go Cairn
Ta eolas faoi Ghaelphobal Thamhlachta ag Gaelphobal Thamhlachta
 
Treoraí: Seán Ó Fearghail
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Tóg an Luas líne dhearg go dtí an stad deireannach i dTamhlacht. Maidin Dé Domhnaigh bíonn tram gach 12 nóiméad. Féach an t-amchlár anseo - https://www.luas.ie/frequency.html

​Meabhrúchán
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
Trealamh agus feisteas riachtanach
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly