Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid - 10 Meitheamh 2018 - Ulster Way - Contae an Dúin

7/6/2018

 
Picture
Siúlóid Speisialta i gcomhair le “Na Siúlóidí” de chuid Oireachtas na Gaeilge.
 
Siúlóid:       Ó Bhaile Hill  go Ros Treabhair ar an Ulster Way i gContae an Dúin
Cur síos:    Siúlóid éasca/mheánach, 3  huaire an chloig ag siúl.
Fad:         10 - 11  km

Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.00 r.n. go cruinn - http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html
nó
Tús na siúlóide:  Carrchlós Lóiste Liatroma, Baile Hill (Leitrim Lodge car park, Hilltown), Contae an Dúin. Tagairt eangaí – J 224 256 nó N54.1650,  W6.1266)
 Tosóimid ag siúl ag 12:00 nóin
 
Treoraí: Na Siúlóidí (Oireachtas na Gaeilge)
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:- Téigh ar an M1/N1/A1  go dtí an tIúr. Ansin tóg an A27 agus an B8 (Bóthar Rath Fraoileann) trí Dhroichead Mhaigh Eo go Baile Hill. I mBaile Hill cas ar dheis ar Bhóthar Ros Treabhair agus tar éis 400 m ar chlé ar Bhóthar Liatroma. Sroichfidh tú an carrchlós tar éis 4 km ar an taobh clé. Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

​MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH ​
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat - http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly