Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2019 tá cúpla turas á reáchtáil ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid Chill Dara.
Tá na turais saor in aisce.
Dé Sathairn 9 Márta, 1:00 i.n.
Taispeántas - Seamus Heaney Listen Now Again
ag Banc na hÉireann, Faiche an Choláiste
Léargas ar shaol Seamas Heaney agus ar an gcartlann a thug sé don Leabharlann.
Ní mór áit a chur in áirithe saor in aisce ag http://heaneynli.eventbrite.com
Dé Sathairn 9 Márta, 3:00 i.n.
Taispeántas - World War Ireland
Léireoidh Niamh Ní Riain taithí mhuintir na hÉireann i rith an Chéad Chogaidh Dhomhanda, trí úsáid a bhaint as ábhair éagsúla ó bhailiúcháin na Leabharlainne Náisiúnta.
Dé Céadaoin, 13 Márta, 1:00 i.n.
Taispeántas - The Life and Works of William Butler Yeats
Tabharfaidh Niamh Ní Riain turas treoraithe ar an taispeántas.
Foghlaimeoidh tú faoi Yeats mar bhuachaill óg, mar ábhar file agus mar fhear agus mar saoi file.