Mar chuid de Oíche Chultúir beidh cúpla imeacht á eagrú againn
Siúlóid a thabharfaidh deis dúinn eolas a chur ar ghnéithe de stair Dhroim Conrach.
Beidh eolas á roinnt ar sheanfhoirgnimh agus ar eastáit an cheantair.
Tabharfaimid cuairt ar Champas na Naomh Uile agus Coláiste Phádraig chun eolas a fháil ar na seantithe atá istigh iontu.
Rachaimid ar thóir daoine cáiliúla sa cheantar nó a bhfuil tagairt dóibh in ainmneacha na háite agus ar ndóigh, tabharfaimid cuairt ar sheaneaglais agus ar reilig!
Críochnóimid ag an teach tábhairne stairiúil sin The Cat and Cage a raibh baint aige le hÉirí Amach 1798.
Teacht le chéile: 6:00 pm os comhair Theach Chnoc an Mhuilinn / Millmount House, Bóthar Dhroim Conrach
Beimid ag stopadh go minic agus mairfidh an turas thart ar uair an chloig
Treoraí : Seán
Covid-19: Ní mór dúinn cloí leis na treoirlínte chun fanacht sábháilte.