Mar chuid de Oíche Chultúir beidh cúpla imeacht á eagrú againn
Siúlóid le blas liteartha i mBaile na Manach agus sa Charraig Dhubh.
Chaith Myles agus a theaghlach an mhórchuid dá saol sa cheantar sin. Scríobhadh An Béal Bocht, The Third Policeman agus roinnt dá shaothar eile sa teach in Ardán Abhóca.
Tabharfar gnéithe de shaol agus de shaothar an teaghlaigh chun cuimhne agus sinn ag siúl thar láithreacha luaite sa saothar sin.
Fáilte romhat do dheartháir nó do dheirfiúr a thabhairt leat!
Ábhair na siúlóide - Briain Ó Nualláin (Myles na gCopaleen) agus Clann Uí Nualláín
Treoraí: Fionn
Teacht le chéile: 6:00 pm os comhair Theach Tábhairne Goggins i mBaile na Manach.
Bealach na Siúlóide: Ó Bhaile na Manach go dtí an Charraig Dhubh trí Chearnóg Belgrave.
Beimid ag stopadh go minic agus mairfidh an turas thart ar uair an chloig
Covid-19: Ní mór dúinn cloí leis na treoirlínte chun fanacht sábháilte.