Cur síos: Siúlóid mheánach, 5 huaire an chloig ag siúl.
Fad:15 km Dreapadh: 800 m
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam, os comhair an Fitzwilliam Casino and Card Club trasna na sráide ó IarOifigí BSL, Sráid Mhic Liam. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn.
nó
Tús na siúlóide: An carrchlós ag teach tábhairne Fenton's, An Seascann, Gleann Ó Máil.(tagairt eangaí : S 973 935, nó N52.9840, W6.5523 )
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Treoraí: Seán
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Má bhíonn tú ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – téigh ar an N81 go Baile Coimín. Lean ar aghaidh ar an N81 agus 15 km tar éis Bhaile Coimín cas ar chlé ag an teach tábhairne The Toll House. Téigh trí Dhún Ard go dtí Mountain Ventures Hostel i mBaile an tSléibhe (Ballinclea). Cas ar dheis díreach tar éis an bhrú, agus ansin ar chlé i gCnoc an Aragain. Tiocfaidh tú ar Fenton's tar éis 2 km.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html