Beidh siúlóid ghearr againn ar Lá Fhéile Pádraig (Satharn 17 Márta) ar an Bhulla Theas i nDumhach Thrá.
Siúlóid: Siúlfaimid ar an trá, Port na Sliogán (Shellybanks), go dtí an seanstáisiún cumhachta BSL, amach go deireadh Bhalla an Bhulla Theas agus ar ais.
Fad na siúlóide -12 km.
Mairfidh an tsiúlóid 2.5 uair a chloig.
Áit chruinnithe: Buailfimid le chéile ag an Siopa Spar ag Faiche Dhumhach Thrá (Sandymount Green).
Seo nasc don áit sin ar Google Maps
Am: Buailfimid le chéile ag 13.45.
Treoraí: Bláithín
I ndiaidh na siúlóide ag a 5 a chlog beidh béile againn i Dunnes and Crescenzi i nDumhach Thrá.
Costas 35 euro a bheidh ar an bhéile (trí chúrsa agus tae nó caife agus an táille seirbhíse san áireamh). Tá an bia chlár sa cheangaltán.
Fáilte roimh chách. Ar ndóigh, beidh fáilte romhat ag an bhéile fiú mura mbíonn tú ábalta teacht ag siúl linn!
Ní gá íoc as an bhéile roimh ré ach más mian leat a bheith linn don bhéile, bheinn buíoch dá gcuirfeá téacs chuig Anna 087 668 3873 nó ríomhphost chuig [email protected] chomh luath agus is féidir ach roimh an Mháirt 13 Márta.
sandymount_evening_set_menu__february_2018.pdf |