De hAoine 22 Meitheamh, ceiliúradh ar lár an tSamhraidh (ní ar an Déardaoin mar a bhíonn siúlóid de ghnáth),
Turas báid go hInis Mac Neasáin (Ireland’s Eye), siúlóid agus fulacht bheag (beárbaiciú) ar an oileán.
Fillfimid ansin ar an mórthír áit a mbeidh deoch againn i dteach tábhairne i mBinn Éadair.
Dáta: Tráthnóna Dé hAoine, 22 Meitheamh 2018.
Am agus Áit: Buailfimid le chéile ag 6.45 i mBinn Éadair ar an gCé Thiar (in aice le bialann AQUA).
Costas an bháid: 10 Euro.
Má tá suim agat dul, bheimis buíoch dá ndéanfá teagmháil linn roimh an Déardaoin mar is gá socrú a dhéanamh le húinéir an bháid.
Tabhair leat: Do dheoch féin agus do chóta báistí.
Ag súil le tú a fheiceáil.