Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Fiche Bliain ag Fás - MV Cill Áirne, 2 Meán Fómhair 2023

29/8/2023

 
Picture
Cúis cheiliúrtha - Fiche Bliain ag Fás.
Tá ár gclub, Na Cnocadóirí, 20 bliain d'aois.


Fiche bliain ó shin, Dé Domhnaigh, 14 Meán Fómhair 2003, bhí ár gcéad siúlóid againn, sa Láithreach i gCill Mhantáin.
Chun é sin a cheiliúradh beidh ócáid againn Dé Sathairn, 2 Meán Fómhair 2023.

Beimid ag bualadh le chéile le haghaidh béile ag 7:30 i.n. sa bhialann ar an mbád Cill Áirne, atá ar ancaire ag 16 Cé an Phoirt Thuaidh.
Beidh fáilte romhat bheith linn.
Tar éis an dinnéar beimid in ann fanacht ar an mbád chun deoch nó dhó a fháil.

Costas: €47.00 (tá an táille seirbhíse san áireamh).

Is gá íoc roimh ré agus bheimis an-bhuíoch díot as an  €47.00 a íoc roimh thús mhí Lúnasa.
Is é an bealach is éasca chun íoc as an dinnéar ná íocaíocht leictreonach a dhéanamh díreach isteach i gcuntas an Chlub. Mura bhfuil sonraí an chuntais agat is féidir iad a fháil trí ríomhphost a chur chuig [email protected].
NÁ DÉAN DEARMAD D’AINM A CHUR LEIS AN ÍOCAÍOCHT.
Ansin cuir ríomhphost chuig [email protected] chun a chur in iúl go bhfuil an íocaíocht déanta agat.
 

​Sa chás go mbeidh deacrachtaí agat íocaíocht a dhéanamh ar líne, téigh i dteagmháil linn agus déanfaimid socrú eile.


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly